Comhpháipéar ó Merchants Quay Ireland, Coolmine Therapeutic Community agus Depaul.
Ní féidir le haon seirbhís amháin freastal ar riachtanais éagsúla na n-úsáideoirí seirbhíse atá gan dídean agus/nó a úsáideann drugaí. Mar Alt 39, tá comhoibriú láidir ag Merchants Quay, Coolmine agus Depaul, ag roinnt eolais agus ag obair le chéile chun freastal ar riachtanais reatha agus éiritheacha na ndaoine sin a dteastaíonn ár gcabhair agus ár dtacaíocht uathu. Tá oibriú le chéile ríthábhachtach chun rochtain ar thithíocht, ar shláinte agus ar thorthaí sóisialta a fheabhsú dóibh siúd a úsáideann ár seirbhísí.
Sa chomhthéacs seo, bheartaíomar teacht le chéile chun an páipéar seo a chur faoi bhráid an Rialtais chun aird a tharraingt ar na torthaí dearfacha mar gheall ar an bhfreagairt ar an bpaindéim ar fud na n-earnálacha deonacha agus reachtúla. Ach freisin, chun béim a chur ar riachtanais leanúnacha agus chasta ár n-úsáideoirí seirbhíse agus muid ag obair le chéile chun an tír a athoscailt agus agus muid ag breathnú níos faide ar aghaidh amach anseo.
Ar fud na dtrí eagraíocht, soláthraítear seirbhísí laistigh de leanúnachas cúraim agus tacaíochta ag réimsiú ó chóiríocht ardtacaíochta go seirbhísí sláinte & laghdaithe díobhála go seirbhísí díthocsainiúcháin/cóireála cónaithe & pobail dóibh siúd atá imeallaithe sa tsochaí le riachtanais an-chasta.
Léigh an tuairisc iomlán thíos: