Táimid ag ceiliúradh 50 Bliain! Cliceáil anseo chun a fháil amach conas is féidir leat a bheith páirteach!
Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Ó Roinn an Taoisigh

Foilsithe ar 30 Nollaig 2020

Nuashonrú is déanaí an 30 Nollaig 2020

 

D’aontaigh an rialtas inniu go mbeidh feidhm ag Leibhéal 5 mar atá leagtha amach sa Phlean um Maireachtáil le COVID-19 go náisiúnta.

Tiocfaidh sé seo i bhfeidhm ag meán oíche anocht, 30 Nollaig maidir le gach beart, cé is moite de mhiondíol agus giomnáisíní neamhriachtanacha, ionaid fóillíochta agus linnte snámha. Ba cheart go ndúnfadh na gnólachtaí seo ó dhúnadh gnó an 31 Nollaig. Fanfaidh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31 Eanáir 2021.

Bhreithnigh an rialtas roinnt fachtóirí agus an cinneadh seo á dhéanamh, go háirithe imní NPHET go bhfuil próifíl eipidéimeolaíoch COVID-19 ag dul in olcas go mór i gcónaí.

Aithnítear go mbeidh tionchar ag an gcinneadh seo ar shaol agus ar shlite beatha daoine, ach is é an teachtaireacht shoiléir ná nach mór dúinn go léir fanacht sa bhaile anois, cé is moite de bhunchuspóirí, chun stop a chur le scaipeadh an víris. Leanfar ag cur tacaíochtaí ar nós an PUP agus an CRSS ar fáil dóibh siúd a mbeidh tionchar orthu. Beidh íocaíocht dhúbailte den CRSS, suas le huasmhéid de €5,000 sa tseachtain ar fáil dóibh siúd atá faoi réir srianta an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn. Ina theannta sin, beidh gnólachtaí lena mbaineann in ann leas a bhaint as faoiseamh ó rátaí tráchtála don chéad trí mhí de 2021. Tá an Scéim Fóirdheontas Pá Fostaíochta (EWSS) ar fáil freisin chun cabhrú le daoine a choinneáil i bpoist, mar aon le socruithe fairsinge trádstórála cánach, rátaí laghdaithe CBL, an scéim caiteachais agus fanachta, raon iasachtaí ar chostais laghdaithe, scéimeanna deontas agus dearbhán.

Chomhaontaigh an rialtas freisin go leathnófar an cosc ar aerthaisteal agus ar thaisteal paisinéirí ar bháid farantóireachta ón RA go dtí an 6 Eanáir. Toisc gur aithníodh brú nua den chineál céanna san Afraic Theas, beidh feidhm ag an gcosc seo maidir leis an Afraic Theas go dtí an 6 Eanáir freisin.

Féach ar an bPreaseisiúint Iomlán Anseo