Tá comhairliúchán poiblí nua seolta ina dtugtar cuireadh don phobal i gcoitinne a dtuairimí a thabhairt maidir le héifeachtacht an dlí reatha maidir le seilbh ar dhrugaí mídhleathacha le haghaidh úsáide pearsanta. Lorgófar moltaí sa chomhairliúchán freisin maidir le haon roghanna eile a d’fhéadfaí a bhreithniú chun dul i ngleic leis an tsaincheist seo.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo ná cabhrú le Grúpa Oibre a bunaíodh faoi 'Dochar a Laghdú, Ag Tacú le Téarnamh' chun scrúdú a dhéanamh ar mhodhanna eile maidir le seilbh phearsanta ar dhrugaí mídhleathacha.
Molann an tAire Catherine Byrne d’aon duine a bhfuil suim acu sa cheist seo páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán. Tá imní ar leith uirthi tuairimí na ndaoine óga agus na dteaghlach a bhféadfadh an reachtaíocht reatha dul i bhfeidhm orthu a chloisteáil.
Is féidir teacht ar an gcomhairliúchán trí cheistneoir ar líne ag https://health.gov.ie/consultations . Is féidir teacht ar an gceistneoir ar ghuthán, táibléad nó ríomhaire agus ba cheart go dtógfadh sé níos lú ná 15 nóiméad é a chomhlánú. Tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán poiblí ar an 30 Meitheamh .
Le haghaidh plé ar líne faoin gcomhairliúchán seo lean @roinnslainte le haghaidh nuashonruithe nó cuardaigh an hashchlib #Bíodh do Thuairim.